An Gúm: Leabhair nua do Pháistí

Stíl saintréitheach á cleachtadh ag Laoise Ní Chomhraí agus Lára Nic Oireachtaigh, údair na leabhar nua seo do pháistí.

Ag TAisteal sa PholainnAg Taisteal le Tarlach sa Pholainn
Laoise Ní Chomhraí

Ar a shlí chun na Polainne atá Tarlach an uair seo in éineacht lena chara, Ada?. As an bPolainn d’Ada? agus bhí San Nioclás an-chineálta i mbliana. Tá sé i gceist ag an mbeirt acu an Nollaig a chaitheamh sa Pholainn, dul ag sciáil agus roinnt spaisteoireachta a dhéanamh. Caithfidh Tarlach dul i ngleic leis an bPolainnis freisin ar ndóigh agus le bia na Polainne, agus feiceann sé go bhfuil neart cosúlachtaí agus éagsúlachtaí idir Éire agus an Pholainn.

In this second book in the series we join Tarlach on his way to Poland with is friend, Ada?. The two friends intend spending Christmas there and want to go skiing and travelling around the country. Tarlach has to get to grips with both the language and the food, which proves a source of amusement to his Polish friends! A beautifully told and designed travel book for readers in the 10-12 year old age group.

Aoisghrúpa: Páistí 10 mbliana+
ISBN 978-1-85791-741-3 €10.50 Crua


Ca bhfuil tu, a Phadraig?Cá bhfuil tú, a Phádraig?
Lára Nic Oireachtaigh

Scéal tráthúil faoi Theamhair, faoin mótarbhealach nua agus faoi mar a thugann Naomh Pádraig cuairt ar Aoife agus ar an lucht agóide agus réiteach á mholadh aige mar a rinne an tráth a raibh sé thart cheana. Chomh maith leis an gcomhthéacs reatha tá cur síos sa leabhar ar chuid de na heachtraí a bhain le Pádraig féin agus é in Éirinn i bhfad siar. Tá dearadh agus leagan amach an leabhair seo an-tarraingteach neamhghnách.

A topical story, beautifully laid out and designed, about Aoife and her friends who are protesting about the building of the M3 motorway near Tara. They are surprised to receive a visit from an unlikely guest, St. Patrick, who suggests that the problem may be resolved in a very traditional way.

Aoisghrúpa: 8 mbliana+
ISBN 978-1-85791-748-2 €15.00 Crua

(Níl costas postais san áireamh)

Le ceannach ó shiopaí leabhar nó le hordú uathu seo:
An Siopa Leabhar  01-478 3814
www.litriocht.com
www.siopagaeilge.ie
www.cuplafocal.ie

(Eolas amháin atá ar fáil ón nGúm: 01-889 2800)
Féach Catalóg nua an Ghúim www.gaeilge.ie/angum

Leave a Comment